series of photos showing various attractive landscapes
 

Dinitúir

Bord Bia Bliantúil Duais 2007

Tá gradam náisiúnta bronnta ar Thírdhreachadh Pheadair Uí Dhonnagáin Teo. mar aitheantas ar chaighdeáin a baineadh amach faoin gClár Cáilíochta Tírdhreachta. Is é seo an dara gradam Náisiúnta dár gcuid ó mhí Dheiridh Fómhair 2006, agus é ar cheann de 10 gcuideachta tírdhreachta & deartha in Éirinn ar bronnadh an gradam seo orthu. Bhronn an tUasal Brendan Smith, an tAire Gairneoireachta agus Bia, agus Aidan Cotter, PF Bhord Bia, an gradam ar Pheadar Ó Donnagáin, SB Thírdhreachadh Pheadair Uí Dhonnagáin Teo., ar an Aoine 2 Feabhra ag Óstán Citywest.


Tagann an gradam mar thoradh ar bhreis agus ceithre bliana de dhianobair trí chlár a iniúchadh go docht agus a dearadh chun caighdeáin a ardú laistigh den tionscal tírdhreachta, mar aon le muinín custaiméirí a mhéadú trí na cuideachtaí sin a aithint a bhfuil córas cáilíochta i bhfeidhm acu ar ar bronnadh gradam as an gcleachtas is fearr agus as na caighdeáin is airde sa rannán seo den tionscal gairneoireachta.


Ag labhairt dó maidir leis an ngradam dúirt Peadar Ó Donnagáin: ’Is cúis áthais dúinn mar fhoireann an gradam seo a bhuachan. Tá Thírdhreachadh Uí Dhonnagáin Teo. ar an bhfód anois le sé bliana agus i ndiaidh dúinn gradam náisiúnta a bhuachan dár dtírdhreachadh agus dearadh i mí Dheiridh Fómhair ’06 is aitheantas é seo go bhfuil córas cáilíochta i bhfeidhm againn chomh maith, agus go bhfuil ardfhoireann againn a oibríonn go crua chun tionscadail deartha agus tírdhreachta de gach sórt a réadú.’