An bhfuil táille ar an gcomhairliúchán?
Le haghaidh cliaint tís tá táille tosaigh comhairliúcháin/ glao amach de sheasca is a chúig euro don chéad uair a chloig agus caoga euro in aghaidh na huaire ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh athrú teacht air seo lasmuigh de Bhaile Átha Cliath nó d’Éirinn. Ní dhéantar seo a asbhaint den sonrasc deiridh.
Cad atá san áireamh sa táille tosaigh seo?
San áireamh sa táille seo bheadh turas leis an gcomhairle a thabhairt ar an gcaoi is fearr chun úsáid a bhaint as do bhunchoincheap, do stíl mhaireachtála agus do bhuiséad le teacht ar an toradh is fearr a oirfeadh duit. Leis seo, a chuirfidh in iúl a bhfuil indéanta láithreach nó mar thionscadal fadtéarmach, a chlárú agus briseadh síos ar an mbuiséad beidh sé soiléir a bhfuil de dhíth i ngach gné ar an gcliant agus ar an gconraitheoir leis an tírdhreach is fearr a chur i gcrích.
An bhfuil sibh clúdaithe ó thaobh árachais de?
Tá árachas iomlán dliteanais fostóra agus phoiblí ag Tírdhreachadh Pheadar Uí Dhonnagáin Teo
An bhfuil clárú C2 agaibhse?
Tá clárú C2 ag Tírdhreachadh Pheadar Uí Dhonnagáin Teo. mar phríomhchonraitheoir.
An bhfostaíonn sibh baill cháilithe foirne?
Fostaímid. Féach an rannán Cáillíochtaí agus Cumainn le haghaidh tuilleadh eolais.
An féidir liom rud ar bith a dhéanamh roimh mo sheisiún comhairliúchain?
Suigh siar, lig do scíth, bíodh braoinín caife agat agus lig dúinn freastal ar do chuid riachtanas ar fad.
Cad ba chóir dom a dheánamh sa chás nach bhfaighim freagra mo cheiste ar an suíomh?
Is féidir leat ríomhphost a chur chuig ár n-oifig ar an bhfoirm ar líne ar an leathanach teagmhála nó glaoch a chur orainn ar 01 8078712 agus beimid sásta ceisteanna ar bith a d’fhéadfadh a bheith agat a fhreagairt.