series of photos showing various attractive landscapes
 

Ce Muid Fein

Peadar Ó Donnagáin | Stiúrthóir

Rinne Peter staidéar ar an ngairneoireacht ar feadh ceithre bliana go leith. Tá teastas aige sa ghairneoireacht tráchtála ó Teagasc, Ardteastas sa ghairneoireacht agus an scrúdú ginearálta sa ghairneoireacht ón gCumann Gairneoireachta Ríoga. Tá sé ina bhall freisin den Institiúid Gairneoireachta.


Tar éis dó a bheith ag obair i dtionscail an tírdhreacha sular chuir sé tús lena chuid staidéir, tá Peter gníomhach i dtionscail na gairneoireachta ó 1992 i leith. Chaith sé tréimhsí ag obair in Éirinn, i Sasana agus in Albain sular thosaigh sé a ghnó féin agus d'aimsigh sé raon leathan de mhodhanna oibre, dearadh tírdhreacha agus ailtireacht tírdhreacha. Tar éis tréimhsí a chaitheamh mar chomhairleoir agus mar mhúinteoir, bhunaigh sé Peter Donegan Landscaping Ltd.


Chomh maith lena chuid oibre mar Stiúrthóir ar Peter Donegam Landscaping Ltd, scríobhann sé freisin do The Farmers Journal agus don iris Self Build Ireland.



Dave Milner | Bainisteoir Tírdhreacha

Tar éis dó a bheith ag obair sa tionscail ag leibhéal sinsearach ar feadh sé bliana, chuaigh David ag obair le Peter Donegan Landscaping Ltd i 2007 mar Bhainisteoir Tírdhreacha. Rinne sé staidéar ar an nGairneoireacht in An Grianán, Coláiste Gairneoireachta i gCo. Lú agus tá BA sa Ghairneoireacht agus Dioplóma i nDearadh Tírdhreacha aige.


D'oibrigh David ar chuid dár gcuid tograí is mó go dtí seo, tograí athchóirithe ón 18ú haois agus gairdíní iar-nua-aoiseach ina measc, tá a chuid eolais agus a chuid scileanna sa tírdhreach bog agus crua luachmhar i dteaghlach tírdhreacha Donegan.



Sorcha Ní Dhuibhir | Bainisteoir Oifige

D'oibrigh Sara roimhe seo i gColáiste na Tríonóide mar Oifigeach Feidhmiúcháin san Institiúid Polasaí. Tá éis di Dioplóma a bhaint amach ag an leibhéal is airde sa bhFoilsitheoireacht Deisce agus Dearadh Grafach, chuaigh Sara chun oibre mar bhainisteoir oifige le Peter Donegan Landscaping Ltd. Déanann Sara bainistiú ar gach gné den oifig - cothabháil ar an suíomh lín, acmhainní daonna agus tá sí freagrach freisin do bhainisiú airgeadais na bpríomhthograí.


Maidir Linn



"Ní trí shuí faoin scáth a dhéantar gairdíní."


Rudyard Kipling