series of photos showing various attractive landscapes
 

Dinitúir

ALCI Bliantúil Duais 2006


Tá ár gcéad ghradam mar Dhearthóir agus mar Chonraitheoir Tírdhreachta ón ALCI – Cumann Chonraitheoirí Tírdhreacha na hÉireann – bronnta ar Thírdhreachadh Pheadair Uí Dhonnagáin Teo.


Bronnadh an gradam orainn as sárobair i gcatagóir an ghairdín phríobháidigh thar 13,000 euro.


Tugadh an Gradam mar gheall ar thionscadal a lean breis agus dhá bhliain ar ghairdín príobháideach caoga cúig acra i nDomhnach Bat i gContae Áth Cliath Thuaidh. Rinneadh na tailte a athchóiriú chuig na gairdíní cáiliúla a bhí ionta san 18ú haois.


Bronnadh an gradam ar Thírdhreachadh Uí Dhonnagáin Teo. mar an gConraitheoir Tírdhreachta, ar Pheadar Ó Donnagáin, MI Gairneoireacht, mar dhearthóir agus ar Phroinsias Ó Faoláin mar chliant ag searmanas bronnta sa Culloden Hotel, Béal Feirste ar an 20 Deireadh Fómhair.


Ba mhaith le Peadar Ó Donnagáin buíochas ó chroí a ghabháil lenár gcuid soláthraithe, custaiméirí agus cairde ar fad, mar aon lenár bhfoireann dhílse. Murach sibh féin ní bheadh an gnóthú seo ann.


Breathnaigh ar ár nGailearaí thíos a léiríonn céimeanna agus gnéithe éagsúla den tionscadal buaiteach seo.