Bunaíodh Tírdhreachadh Pheadair Uí Dhonnagáin chun ardtorthaí a sholáthar trí thuairimí an chliaint a thógáil – ainneoin a ndoiléire – agus gairdíní a chruthrú a oireann dá mbuiséad, dá saol, dá bhfoirgneamh, dá gcliant nó dá ngnó.
Aithníodh cáilíocht ár seirbhísí agus caighdeán ár gcuid oibre le déanaí le Gradam ó Chumann Chonraitheoirí Tírdhreacha na hÉireann.
RLe déanaí feictear go ndírítear níos mó ar structúir fhisiciúla, mar deiceanna, gnéithe uisce agus soilsiú casta ná ar phlandaí, ar bhláthanna agus ar chrainn. Ba chóir go mbeadh áit acu siúd sa ghairdín nua-aimseartha, cinnte, ach ba chóir dóibh plandáil dheas nuálach a chomhlánú, seachas iad a ionadú. Mar ghairneoir cáilithe is air sin a dhíríonn Peadar agus a fhoireann a n–aird siúd.
Chun cabhrú le cliaint na hardtorthaí céanna a fháil sa tírdhreachadh "crua" agus a fhaigheann siad ó scileanna Pheadar Uí Dhonnagáin tá foireann ceardaithe oilte fostaithe ag Peadar ar féidir leo na gnéithe éagsúla de dhearadh gairdín a chur i gcrích.
Le haghaidh tuilleadh eolais féach na Ceisteanna Coitianta.
"Ní trí shuí faoin scáth a dhéantar gairdíní."