series of photos showing various attractive landscapes
 

Nuacht - Tírdhreachadh Pheadair Uí Dhonnagáin Teoranta


Buaiteoir Gradaim ALCI 2007

(Deireadh Fmhair 2007)

Bhronn an ALCI (Cumann na gConraitheoir Trdhreachta in irinn) dh ghradam nisinta ar Peter Donegan MI Hort agus ar fhoireann Donegan Landscaping ag cid in stn Citywest ar an Aoine, 19 Deireadh Fmhair. irtear Donegan Landscaping Ltd. ar cheann de na comhlachta deartha gairdn agus trdheachta is fearr sa tr.


Photo of gardens at Brackenstown House

Bronnadh an Gradam Fintais i gcatagir an ghairdn phrobhidigh ab fhearr [os cionn 13,000 euro] agus an phromhdhuais do chothabhil an ghairdn phrobhidigh ab fhearr ar Peter Donegan, Bainisteoir Stirtha Donegan Landscaping Ltd. mar dhearthir agus mar chonraitheoir, agus ar Veronica agus Paddy Campbell [cliant] d'athchiri agus atgil eastt stairiil Teach Brackenstown a tgadh sa 16 hAois.


T na gradaim nisinta a bronnadh mar thoradh ar obair a dearnadh ar cig acra taln d'eastt agus de ghairdn probhideacha i dTuaisceart tha Cliath, togra a thg os cionn dh bhliain le crochn.


Ba le Clann Burnell [16 hAois] an teach a raibh Dimin Brackenstown air roimhe seo. Ba sa 17 hAois, fach, nuair a phs inon an Phromhbharin Bysse, Robert Molesworth a thinig athr mr ar thrdhreachadh na hireann. Breithnodh Molesworth ina fhimheach mar thoradh ar a bhrionglid thaobh na trdhreachta deiridh i dTeach Brackenstown agus c gur cuireadh infreastruchtir i bhfeidhm, nor crochnaodh na tailte riamh. Chinntigh na 350 bliain trioblideach a lean nach mbeadh toradh ar a bhrionglid go dt anois.


Tar is d an gradam a bhaint amach, dirt Peter Donegan:


Photo of gardens at Brackenstown House

"Is mr an onir dom an gradam seo a ghlacadh thar ceann fhoireann Donegan Landscaping uilig. Is cuid lrnach de stair na hireann an t-eastt agus is mr an onir dinn gur roghnaigh Clann U Chathmhaoil muid chun eastt chomh tbhachtach a dhearadh agus a athgil. Is aitheantas at sa ghradam ar bhreis agus dh bhliain d'obair chrua ag atgil agus ag athchiri trdhreachta a chuireann croch leis an turas a chuir na bunaitheoir agus na cnaitheoir reatha rompu".


Agus ag glacadh leis an ngradam Trevor Sargent, lean Peter ar aghaidh ag r "gur mhr an onir, mar dhearthir trdhreachta, bheith ag obair ar thogra chomh leithleach le Teach Brackenstown. Bh leagan amach iontach ar an ngairdn mar a bh agus chaithf a fhgil amhail is nr leagadh lmh air ach a bheith coinnithe go maith ag an am canna, agus c go bhfuil rl tbhachtach ag a thrdhreach ndrtha, insonn na silin seanda, na plsga slogtha agus na foirgnimh laistigh de na tailte scal spisiil fs. T na gairdn crochnaithe tar is athbheochan a dhanamh ar an suomh seo a raibh faill danta air n 17 hAois agus is ocn trdhreachta at ann anois don todhcha".


Ba an sainchram maidir leis an trdhreachadh ag Teach Brackenstown, an gairdn a athchiri mar a bh s trth. Bh eisint gairdn n 17 hAois le coinneil ach le cur in oiriint do ghnsanna an lae inniu, do phlandil agus do chostais. T an gairdn roinnte ina thr chuid, gairdn ceilte, promhghairdn lrnach agus gairdn cistine. Bh athchiri le danamh freisin ar ghnithe eile den ghairdn, lloird, plsga slogtha agus silin cheilte.


Dr le suirbh a rinne Bord Bia, T fs 42% tagtha ar thionscail na trdhreachta le 3-5 bliain anuas. Oibronn an ALCI chun caighdein trdreachta a choinneil agus a fheabhs in irinn don earnil phrobhideach agus don earnil phoibl. Bunatear Breithinas na nGradam ar choincheap bunaidh agus an dearadh, caighden na hoibre i dtrdhreadadh bog agus crua, comhthth, oirinacht, ifeachtacht agus cur i lthair iomln.


Deir Peter O'Toole, Cathaoirleach, ALCI "in ALCI, is an aidhm at againn, caighden na trdhreachta a ard ag gach leibhal - ghairdn beaga probhideacha go dt togra trchtla, daris itila agus tailte spirt. T an tionscail ag fs go scioptha agus faoi dheiridh, tuigtear an tbhacht a bhaineann le trdhreachadh do thogra cnaitheacha agus trchtla. T an-thas orm caighdein deara agus tgala chomh hard a fheiceil ag an iontril bhuacach i mbliana."




Togra Ghairdín an Dóchair 2007

(Lúnasa 2007)

Tá Peter Donegan ar dhuine den 25 oibrí deonach a thógfaidh an gairdín laistigh de sheachtain amháin ón 2 go dtí an 10 Samhain 2007. Seo togra an-uaillmhianach, oibreoidh na hoibrithe deonacha ó mhoch maidine go dtí déanach san oíche chun a sprioc a bhaint amach agus chun an gairdín a chríochnú in am.


Is éard atá in Iontaobhas Bailecheantar Niall Mellon, carthancht a thógann tithe do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i ndrochthithe i gCape Town san Afraic Theas. Tá súil go mbeidh an gairdín ina áit a mbeidh an pobal in ann spraoi, bualadh le chéile, machnamh a dhéanamh agus taithneamh a bhaint as. Tógfar an gairdín ar shuíomh ainmnithe i bPáirc na Saoirse, Cape Town ar thuairim is 800 méadar cearnach.


Pheadair a choimirciú, cnoig anseo.




M'Anam gan Rubar

(Lúil 2007)

Físeán | RTÉ's Capital D Feature | Grafaíocht M'Anam gan Rubar

Ghnóthaigh gairdín Pheter Donegan 'M'anam gan Rubar' duais airgid sa chatagóir do ghairdíní móra sa bhliain tionscnaimh de Bloom i bPáirc an Fhoinnuisce ar an Aoine, 1 Meitheamh. Thóg naonúr dá fhoireann cháilithe féin dearadh Donegan - nach bhfuil príomhurraitheoir aige fós - ar chostas os cionn 100,000 euro. Laistigh de sprioc-am de 20 lá, d'úsáid muid os cionn 1,500 planda; 50 No Rubber Soul photo méadar cearnach d'fhaiche rollta; 4 thonna de mhúirín athchúrsáilte; 5 thonna de shilseanna coirte athchúrsáilte; 6 thonna de chearchaillí crann athchúrsáilte agus Morris Minor ó 1965 chomh maith le teilifís scáileáin réidh. Fiú leis an mbáisteach i gcaitheamh an deireadh seachtaine bainc, tháinig os cionn 50,000 duine chun féachaint ar ghairdín Pheter, atá 31 bliain d'aois.


Gan aon deicre, gan aon phábháil, gan bhreiseáin ná leasaithigh . Samhlaigh bheith i do shuí i dhá dtrian de Mhorris Minor ó 1969, ag féachaint ar an teilifís, deatach ag teacht as griolla tosaigh an No Rubber Soul photo chairr agus tú ag suí siar ag féachaint ar an nádúr agus ar phlandaí ag fás i do thimpeall. Seo gairdín nach bhfuil aon rubar ann ach atá lán d'anam. Seo gairdín atá tógtha 100% ó tháirgí athchúrsáilte nó ó tháirgí atá in-athchúrsáilte. Téigh siar ar thuras go dtí 1969 nuair a bhain fir úsáid as sluaistí agus nuair a bhí anam i ngairdíní.


Is fíorghairdín é dearadh Pheter Donegan dar teideal 'M'anam - gan Rubar' dóibh siúd nach n-éireoidh aosta go deo ina n-aigne. Déarfadh daoine gur Tír na nÓg atá ann; ainmníodh é i gcuimhne ar ablam na Beatles 'Rubber Soul' ach d'fhág an ceol 'Baby you can[t] drive my car' gurbh ghá mionleasuithe a dhéanamh. Dearadh é chun cur ar ár gcumas féachaint ar an Éire nua 'glas' agus le beagán samhlaíochta, an cumas atá aige a bheith ina áit teolaí do bheirt nó ina áit siamsaíochta do gach duine.


Is é príomhfhócas an ghairdín, Morris Minor ó 1965 - a tógadh chun comóradh a dhéanamh ar na fir Éireannacha a raibh cuspóirí No Rubber Soul photo móra acu ar dtús agus a gheall gairdíní a athógáil ach nár chríochnaigh riamh iad. Tá mionleasuithe déanta maidir le fearas clos-amhairc chun go mbeidh sé ina limistéar siamsaíochta agus ba chóir go léireodh sé go leanann an gairdín ar aghaidh ag bláthú agus ag fás, fiú má tá sé ligthe i ndearmad.




An Barr 50 Gnó Le Gaeilge

(Lúnasa 2007)

Ag ócáid in Óstán Four Seasons i mBaile Átha Cliath ar an 1 Meitheamh 2007, bhí Peter Donegan Photo of Peter Donegan Landscaping joining the Barr 50 MI Hort agus Peter Donegan Landscaping Ltd i measc na scotha ag Barr 50, ócáid a d’eagraigh Foras na Gaeilge agus Price Waterhouse Cooper do na 50 comhlacht is fearr a oibríonn trí mheán na Gaeilge. Tugann na dámhachtainí aitheantas dóibh siúd sa tionscail a bhfuil iarrachtaí déanta acu úsáid a bhaint as an nGaeilge chun a gcuid gnólachtaí a fheabhasú.


Tar éis suíomh lín an chomhlachta a dhéanamh dhátheangach ar dtús, tá an comhlacht tar éis codanna de ghníomhaíochtaí an chomhlachta a dhéanamh as Gaeilge nó dhátheangach.


Ní dhearna muid aon rud mór, is é go ndearna muid iarracht trí mheán na Gaeilge. Tá súil go n-aithneoidh ár gcuid custaiméirí an dámhachtain seo agus go mbeidh an rath céanna ar ár gcuid iarrachtaí amach anseo le Foras na Gaeilge. Tá Peter Donegan Landscaping Ltd ar an gcéad chomhlacht a bhaineann le gairneoireachta i Barr 50.




Bord Bia Bliantúil Duais 2007

(2007)

Tá gradam náisiúnta bronnta ar Thírdhreachadh Pheadair Uí Dhonnagáin Teo. mar aitheantas ar chaighdeáin a baineadh amach faoin gClár Cáilíochta Tírdhreachta. Is é seo an dara gradam Náisiúnta dár gcuid ó mhí Dheiridh Fómhair 2006, agus é ar cheann de 10 gcuideachta tírdhreachta & deartha in Éirinn ar bronnadh an gradam seo orthu. Bhronn an tUasal Brendan Smith, an tAire Gairneoireachta agus Bia, agus Aidan Cotter, PF Bhord Bia, an gradam ar Pheadar Ó Donnagáin, SB Thírdhreachadh Pheadair Uí Dhonnagáin Teo., ar an Aoine 2 Feabhra ag Óstán Citywest.


Tagann an gradam mar thoradh ar bhreis agus ceithre bliana de dhianobair trí chlár a iniúchadh go docht agus a dearadh chun caighdeáin a ardú laistigh den tionscal tírdhreachta, mar aon le muinín custaiméirí a mhéadú trí na cuideachtaí sin a aithint a bhfuil córas cáilíochta i bhfeidhm acu ar ar bronnadh gradam as an gcleachtas is fearr agus as na caighdeáin is airde sa rannán seo den tionscal gairneoireachta.


Ag labhairt dó maidir leis an ngradam dúirt Peadar Ó Donnagáin: ’Is cúis áthais dúinn mar fhoireann an gradam seo a bhuachan. Tá Thírdhreachadh Uí Dhonnagáin Teo. ar an bhfód anois le sé bliana agus i ndiaidh dúinn gradam náisiúnta a bhuachan dár dtírdhreachadh agus dearadh i mí Dheiridh Fómhair ’06 is aitheantas é seo go bhfuil córas cáilíochta i bhfeidhm againn chomh maith, agus go bhfuil ardfhoireann againn a oibríonn go crua chun tionscadail deartha agus tírdhreachta de gach sórt a réadú.’




barr